Inniu d’fhógair Paul Goggins, Aire Sláinte, maoiniú breise £2 mhilliún do sheirbhísí cógaslann pobail
Friday, 6 April 2007D’fhógair an tAire an maoiniú breise tar éis éisteacht le húdair imní poitigéirí fán mhéadú táirgiúlachta sa phoitigéireacht phobail agus fán gá atá lena chinntiú go bhfuil leormhaoiniú ann le líonra seasmhach cógaisíochta a chothabháil, a fhorbairt agus tacú leis.
Arsa Paul Goggins: “Eochairpháirt atá ag an phoitigéir áitiúil i gcúram príomhúil sa phobal, ag oscailt dorais d’othair a ligeas dóibh gairmí cúram sláinte a aimsiú gan coinne a iarraidh.
“Chomh maith le dáiliúchán oideas agus soláthar comhairle d’othair, féadann an chógaslann phobail réimse seirbhísí cáilíochta a sholáthar, cóireáil mioneasláinte, mar shampla, comhairle ar bhainistíocht cógas agus cuidiú le scor ón tobac.
“Tá sé barrthábhachtach go ndéanfaimis infheistiú sa tseirbhís seo lena chinntiú go leanfaidh 123,000 duine a úsáideann cógaslann gach lá de bheith ag fáil seirbhíse ardcháilíochta ó ghairmithe oilte.”
“Cinnteoidh an £2 mhilliún breise atá á infheistiú in 2007/08 go leanfaidh poitigéirí de bheith ag soláthar na seirbhíse ardcháilíochta d’othair a mbíonn siad ag dúil léi agus léiríonn sé tiomantas na Roinne don chomhoibriú dlúth leis an ghairm agus muid ag bogadh chun cinn i dtreo fheidhmiú conartha úir don chógaslann pobail.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
- “Á Fheabhsú …Straitéis don Chógaslann sa Phobal”, foilsíodh i mí Feabhra 2004 é agus iarrann sé tógáil ar rath an ama a d’imigh agus cógaslann an phobail a dhíriú ar dhúshlán amach anseo mar a mbeidh páirt níos dílsí le méadú tionchair aici i seirbhís sláinte Thuaisceart na hÉireann san 21ú haois.
- Dhá shraith atá sa straitéis, cothabháil agus feabhsú rochtana, agus méadú cáilíochta. Go háirithe, tá an straitéis úr cógaslann dírithe ar fheidhm bharrmhaithe a dhéanamh de scileanna an phoitigéara agus an clár oibre rialachais chúraim chliniciúil agus shóisialta agus an straitéis sláinte pobail a fhorbairt.
- Cuirfidh an Conradh Cógaslann Pobail úr taca faoin straitéis úr agus cuirfidh sé ar fáil creatlach do sholáthar sheirbhísí cógaslainne pobail. Cuirfidh an conradh ar chumas conraitheoirí neamhspleácha agus údarás coimisiúnaithe araon páirt na cógaisíochta pobail a mhéadú agus a fhorbairt i bhfeabhsú shláinte agus fholláine bhunadh Thuaisceart na hÉireann.
- Dírítear fiosrúcháin ó na meáin ar Phreasoifig RSSSSP 028 90 520074.
