Skip the NI Direct Bar
Skip navigation

mcgimpsey chun reachtaíocht a bhreithniú a chuirfeadh cosc ar ionsaithe ar oibrithe éigeandála

Tuesday, 22 May 2007

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte, Michael McGimpsey, go mbreithneoidh sé reachtaíocht a thabhairt isteach chun ionsaithe ar fhoireann na seirbhíse éigeandála a mhaolú.

Ag tabhairt cuntais ag chomh mór leis an bhfadhb dúirt an tUasal McGimpsey gur mhéadaigh líon na n-ionsaithe ar oibrithe éigeandála le bliain anuas in ainneoin poiblíocht agus feasacht phoiblí níos mó faoin gceist. Rinneadh 5,926 ionsaí ar oibrithe cúraim sláinte agus sóisialta anuraidh, méadú 6%.

Bhí an tAire ag labhairt inniu tar éis díospóireacht de chuid an Chomhthionóil ar rún ag iarraidh air cion inphionóis le príosúnacht a dhéanamh ar feadh tréimhse nach mó ná 9 mhí, nó trí fhíneáil suas go dtí £5,000, nó an dá cheann, a ghearradh ar gach duine a dhéanann ionsaí ar oibrithe éigeandála a bhíonn i mbun a gcuid dualgas nó a chuireann bac ar dhaoine a chuidíonn le hoibrithe éigeandála den sórt sin.

Dúirt an tUasal McGimpsey: “Is mór an náire é a shamhlú go mbeadh daoine mar seo atá meáite ar bheatha dhaoine agus an tseirbhís phoiblí a thabhairt slán faoi ionsaí fisiciúil agus ag fáil íde béil agus iad i mbun a gcuid oibre.

“Rinne foireann otharchairr, dochtúirí, altraí, na Seirbhísí Dóiteáin agus Tarrthála, an tSeirbhís Phríosúin agus Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann freastal ar mhuintir Thuaisceart Éireann gan fuacht ná faitíos le linn na deich mbliana fichead a raibh na trioblóidí ar bun, agus tá sé do-ghlactha go bhfuil siad faoi ionsaí nó á mí-úsáid anois níos mó ná riamh.

“Caithfidh foireann seirbhísí éigeandála muinín a bheith acu go bhfaighidh siad tacaíocht ó na bhfostóir nuair a dhéanann siad gearán ina n-aghaidh sin a dhéanann ionsaí orthu. “

Cé gur thug sé aitheantas don ghá atá le reachtaíocht dhaingean a thabhairt isteach mar an reachtaíocht a tugadh isteach san Albain i 2005 d'fhéach an tAire ar bhealaí eile ina bhféadfaí ionsaithe ar fhoireann na seirbhísí éigeandála a mhaolú. I measc na dtionscnamh sin tá feachtais phoiblíochta, córais aláraim phearsanta d'oibrithe a oibríonn astu féin, teilifís chiorcaid iata agus slándáil níos mó i rannáin Timpiste agus Éigeandála.

“Creidim freisin go soláthróidh an dearcadh neamhfhulaingthe maidir le hiompar foréigneach nó íditheach in aghaidh foirne atá glactha ag gach fostóir cúraim sláinte agus sóisialta meicníocht tacaíochta áisiúil d'oibrithe na seirbhíse sláinte.

“Ní éireoidh le ceachtar de na bearta sin, áfach, mura ndiúltaímid glacadh leis go sóisialta mar phobal go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar fhoirne a bhfuil poist thábhachtacha acu agus iad i mbun a gcuid oibre,” a dúirt an tUasal McGimpsey freisin.

NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ:

  1. An tAcht Oibrithe Éigeandála (Albain) 2005 a dhéanann cion d'ionsaí nó bac a chur ar dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí éigeandála chun críche nasctha. Tá duine atá ciontach as cion faoin Acht sin dlite, ar a chiontú go hachomair, as príosúnacht ar feadh tréimhse nach mó ná 9 mhí nó as fíneáil nach mó ná leibhéal 5 ar an scála caighdeánach nó an dá cheann.
  2. Faoi fhorálacha Acht na Seirbhísí Éigeandála ( (Bacainníocht) 2006, a shíneann chuig Tuaisceart Éireann, tá duine atá ciontach as a leithéid a dhéanamh dlite ar a chiontú go hachomair as fíneáil nach mó ná leibhéal 5 ar an scála caighdeánach.
  3. Tá foráil san Ordú Seirbhísí Dóiteáin agus Tarrthála (Tuaisceart Éireann) 2006 le haghaidh pionós, ar chiontú, as ionsaithe ar, nó bac a chur ar, oifigigh dóiteáin agus tarrthála agus iad sin a chuidíonn leo. Áirítear leis na pionóis sin suas le 6 mhí príosúnachta agus/nó suas go dtí an uasfhíneáil reachtúil ar chiontú achomhair; nó suas go dtí 2 bhliain príosúnachta agus/nó fíneáil ar a chiontú maidir le díotáil.
  4. Ní fhéadfaí aon reachtaíocht cosúil leis sin san Albain a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ach amháin le comhaontú ó Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann.