Skip the NI Direct Bar
Skip navigation

Caithfear íospártaigh foréigin teaghlaigh a chosaint - McGimpsey

Tuesday, 29 May 2007

Dúirt an tAire Sláinte Michael McGimpsey go bhfuil sé ag iarraidh grúpa aireachta a bhunú le dul i ngleic le foréigean teaghlaigh.

Le linn dó a bheith ag labhairt ag díospóireacht faoi fhoréigean teaghlaigh, dúirt an tAire go mbeidh sé ag cuartú comhaontas óna chomhghleacaithe chun grúpa aireachta a bhunú. Sé an aidhm a bhéas ag an ngrúpa ná cinntiú go gcuirtear i bhfeidhm an straitéis ‘Tackling Violence at Home’, a tugadh isteach i 2005, go héifeachtúil agus go tapaidh.

Tá ardú tapaidh ar an líon daoine atá ag tabhairt tuairiscí faoi fhoréigean teaghlaigh do na póilíní ag leanúint ar aghaidh. I 2005/06 tuairiscíodh beagán thar 23,000 eachtraí do na póilíní i gcomparáid le níos lú ná 21,000 an bhliain roimhe.

Tá maoiniú ar sheirbhísí tacaíochta agus tearmainn do theaghlaigh mar chuid ríthábhachtach den straitéis, a dúirt an tAire, ach tá cosaint agus cosc mar eocharghnéithe faoinar déanadh dul chun cinn suntasach. Dúirt an tAire gurb é an phríomhaidhm a bhí aige ná déanamh cinnte go ndéantar gach iarracht cabhrú le teaghlaigh fanacht go sábháilte ina dteach féin.

Ag labhairt le linn díospóireacht ar Fhoréigean Teaghlaigh, dúirt sé: “Bhainfeadh na staitisticí maidir le foréigean teaghlaigh geit asat. Maireann ar a laghad 11,000 páistí le foréigean teaghlaigh anseo gach lá, maraítear cúigear gach bliain agus tugtar teach nua do 700 teaghlaigh mar gheall ar fhoréigean sa bhaile.

“Is iad páistí go mór mór íospartaigh tostacha foréigean teaghlaigh. Is féidir impleachtaí fadtéarmacha a bheith orthu siúd a fulaingíonn foréigean, ina measc fadhbanna sláinte mheabhrach, gnóthachtáil oideachasúil dona, coir agus mí-úsáid substaintí.

“Tugann tearmainn áit sábhailte d'íospartaigh foréigin teaghlaigh agus beidh siad ag teastáil i gcónaí. Ach cén fáth ar chóir do theaghlaigh agus do pháistí atá tar éis foréigean teaghlaigh a fhulaingt aghaidh a thabhairt ar tuilleadh fulaingthe trí iachall a chur orthu a dteach a fhágáil? Tá mé ag iarraidh an chosaint a theastaíonn a thabhairt do níos mó teaghlaigh fanacht ina dteach féin agus gnáthshaol a bheith acu. Tá sé seo ag tarlú cheana féin agus tá mise tiomanta an chosaint agus an tacaíocht a theastaíonn a láidriú sa chaoi go mbeidh níos mó agus níos mó teaghlaigh in ann fanacht go sábháilte ina dteach féin.

“Is é gealltanas mo pháirtí féin ná acmhainní breise a chinntiú le dul i ngleic le foréigean teaghlaigh. Molfaidh mé do mo chomhghleacaithe déanamh cinnte go dtugtar an tosaíocht ó thaobh maoiniú de atá tuillte ag an ábhar seo.

“Tá sé i gceist agam freisin, i gcomhaontas leis na hAirí eile, Grúpa Idir-Aireachta ar Fhoréigean Teaghlaigh a bhunú chun an tosaíocht atá tuillte ag an ábhar seo a thabhairt dó.”

Tá go leor airgid infheistithe i raon tionscnaimh maoinithe ag an RSSSSP chun forbairt a dhéanamh ar thraenáil agus ar mheantóireacht, ar sheirbhísí comhairleoireachta agus láimhseáil feirge agus ar sheirbhísí tacaíochta do pháistí atá thíos le foréigean teaghlaigh.

Chuir an tAire leis an méid sin ag rá: “Tá go leor dúshláin romhainn agus muid ag iarraidh dul i ngleic le fadhb an fhoréigin teaghlaigh. Tá go leor oibre maith curtha i gcrích cheana féin de bharr na straitéise. Caithfear cur leis an obair seo agus teacht ar bealaigh nua le déileáil le foréigean teaghlaigh. Tá sé ríthábhachtach daoine a chur ar an eolas agus íospartaigh a spreagadh chun deireadh a chuir lena dtost maidir le foréigean teaghlaigh. Ag oibriú le chéile is féidir linn ár spriocanna comónta a aimsiú agus difríocht suntasach a dhéanamh do shaol íospartaigh agus a dteaghlaigh.”

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

Dírítear fiosrúcháin ó na meáin ar Phreasoifig RSSSSP ag 028 9052 0571 nó 07919 400248.