Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

04 April 2007 - Dúshlán Iad na spriocanna úra – Goggins

Más le foireann na seirbhíse spriocanna úra am feithimh a shroicheadh caithfidh siad bua na bliana anuraidh a bhuanú agus tógáil air, a dúirt an tAire Paul Goggins inniu.

Faoi spriocanna úra dheireadh Mhárta 2008 ní fhanfaidh othar níos faide ná:

  • 21 seachtain le máinliacht
  • 13 seachtain leis an chéad choinne othar seachtrach
  • 13 seachtain le tástáil dhiagnóiseach.

Tugadh isteach spriocanna breise lena chinntiú go mbeidh teacht gasta ar chóireáil ag othair ag fulaingt i riocht bagrach don bheatha, ailse mar shampla. Socrófar fosta uas-spriocanna am feithimh i gcomhair rochtain seirbhísí a sholáthraíonn Gairmithe Sláinte Comhghaolmhara (GSC) fisiteiripe mar shampla agus teiripe shaothair.

Dúirt an tAire: “Is mó arís an dúshlán atá sna spriocanna úra seo d’fhoireann na seirbhíse sláinte, ach tá mé i ndóchas go dtig iad a chomhlíonadh. Is mór a laghdaíodh an mhoill ar choinní máinliachta agus othar seachtrach. Ghabh an fhoireann chucu na dúshláin a theastaigh le feabhsú in am feithimh a thabhairt i gcrích agus is dian a d’oibrigh siad leis na spriocanna a thapú. Ábhar mór maíte dóibh a gcruashaothar agus na buntáistí do na hothair.”

Ar spriocanna 2007/08 tá:

  • uasam feithimh 31 lá cóireála d’othair ar measadh ailse a bheith orthu;
  • uasam feithimh 48 uair do chóireáil bhriste;
  • uasam feithimh aon uaire in T&É; agus
  • uasam feithimh 48 uair ar rochtain sheirbhísí DG.

Dúirt an tAire: “Cuid den phróiseas leasaithe atá sna spriocanna seo a athróidh agus a athnuafaidh seirbhísí d’othair i dTuaisceart na hÉireann. Cuideoidh na spriocanna úra lena chinntiú go bhfeicfear agus go gcóireáilfear gach othar, is cuma cá bhfuil siad nó cé atá a dhíth orthu, chomh gasta agus is féidir.

“Tá mé ag iarraidh ar gach ball foirne sa tseirbhís sláinte leanúint san iarracht a chuidigh leo spriocanna na bliana seo a shroicheadh. Is maith a mol adh iarracht agus éacht gach ball foirne inniu. Is maith is eol dom a mórtas as bheith páirteach i seirbhís sIáinte a chomhlíonann na gealltanais a tugadh d’othair. Is maith atá a fhios agam gur acu atá na scileanna agus an tiomantas leis na spriocanna úra a shroicheadh.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Dírítear fiosrúcháin ó na meáin ar Clare Baxter, Preasoifig RSSSSP ar 02890 520571 nó 07919 400248


Department of Health, Social Services and Public Safety News