Mar gheall ar imní fán cheist thosaigh plé idir an Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí agus CMB (TÉ) ar an dóigh ab fhearr lena chinntiú go mbeadh an próiseas cothrom do dhochtúirí ag iarraidh post áitiúil. B’eochaircheist sa phlé go bhfreastalófaí ar riachtanais na seirbhíse sláinte i dtaca le cáilíocht agus líon na ndochtúirí atá ar fáil.
I gcomhráiteas inniu, dúirt CMB (TÉ) agus RSSSSP go dtairgfí agallaimh do phoist oiliúna speisialta do dhochtúirí incháilithe sóisir a dhéanfadh iarratas ar phoist i dTuaisceart na hÉireann. Go sea, fuarthas tuairim is ar 2000 iarratas ó dhochtúirí sóisir agus cuireadh agallamh ar bheagnach 1000 iarratasóir. Tairgfear agallamh d’fhuílleach na ndochtúirí incháilithe sna seachtainí romhainn.
Deir an Dr Michael McBride, Príomhoifigeach Míochaine RSSSSP: “Léiríodh imní le roinnt seachtainí anuas fán phróiseas earcaithe dochtúirí sóisir a tugadh isteach le déanaí. Dar lena lán dochtúirí, d’fhág an próiseas gearrliostaithe a lán iarratasóirí ar chláir oiliúna speisialtóireachta faoi bhuntáiste.
“Tá comhaontaithe anois againn go dtairgfear agallamh do gach iarratasóir incháilithe do na poist sin uilig i dTuaisceart na hÉireann a d’iarr siad.”
Dúirt an Dr Brian Patterson, Cathaoirleach Chomhairle CMB (TÉ): “Ábhar mór lúcháire dom iarrachtaí gach duine i bhfuascailt na cruacheiste seo.
“Má tá le héirí leis an chóras úr oiliúna dochtúirí, ba thábhachtach go dtiocfaí ar réiteach a luaithe agus ab fhéidir.”
Dúirt an Dr Stephen Austin, Cathaoirleach Chomhairligh CMB (TÉ): “An cás láithreach a fágadh tar éis phrácás MTAS níor fhág sé de rogha ag an ghairm i dTuaisceart na hÉireann ach réiteach eile a lorg. Tógfaidh na moltaí is déanaí, leis an phróiseas agallaimh a leathnú, ar an obair atá déanta cheana ag comhairligh sna hagallaimh a rinneadh go dtí seo agus ligfidh siad dúinn na dochtúirí is fearr i gcomhair chúram othar i dTuaisceart na hÉireann a earcú agus a oiliúint.
“Tuigtear dúinn go saorfaidh Príomhfheidhmeannaigh na nIontaobhas am comhairleach leis na hagallaimh seo a dhéanamh agus d’iarrfaimis ar chomhairligh cur go hiomlán leis an phóiseas seo nó is le leas dochtúirí agus othar araon a rachas sé.”
Dúirt an Dr Rajesh Rajendran, Cathaoirleach Choiste Dochtúirí Sóisir Thuaisceart na hÉireann (CDSTÉ) de chuid CMB: “Is breá linn gur aimsíodh réiteach ar na tromfhadhbanna sa phróiseas earcaithe dochtúirí sóisir. Ina bhrachán a bhí an córas agus ba é ba thoradh air laghdú meanman sa dream áirithe seo dochtúirí. Thug sé leis easpa urrús gairme, teaghlaigh i mbaol a sractha ó chéile agus an eagla go bhfágfaí gan obair agus i ndeacair airgid iad.
“Is dian a d’oibrigh CDSTÉ leis an Phríomhoifigeach Míochaine agus an Déan Iarchéime ag cuardach réitigh. Fáiltímid roimh thionscnamh RSSSSP faoina dtairgfear agallamh do gach iarratasóir incháilithe do gach iarratas a rinne siad i dTuaisceart na hÉireann.
“Réiteach céillí é seo agus creidim go dtig le dochtúirí sóisir i dTuaisceart na hÉireann tacú leis.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Ó thus Lúnasa 2007, beidh oiliúint míochaine speisialtóireachta á hathleasú sa chéad chéim eile den tionscnamh Athnuachan Gairmeacha Míochaine. Dearadh an tionscnamh le cáilíocht agus sábháilteacht chúram othar a fheabhsú trí oideachas agus oiliúint níos fearr a sholáthar do dhochtúirí. Féachann sé lena chinntiú go gcuirfear ar fáil tuilleadh seirbhísí sláinte ag saindochtúirí.
- In Eanáir 2007 a tosaíodh a earcú do na cláir úra oiliúna speisialta. Thosaigh ábhar imní a éirí nuair a cuireadh toradh an phróisis ghearrliostaithe in iúl d’iarratasóirí go mall i mí Feabhra. Bhíothas chomh himníoch sin gur fhógair Patricia Hewitt, Státrúnaí Sláinte, athbhreithniú neamhspleách an phróisis, tar éis uiríll ó CMB agus Acadamh na gColáistí Ríoga Míochaine.
- Inné a d’fhógair an tAthbhreithniú a thorthaí. Is é atá i bhfógairt an lae inniu cur chuige Thuaisceart na hÉireann do thorthaí an athbhreithnithe atá ar aon dul le cur chuige na hAlban agus na Breataine Bige.
- Dírítear Fiosrúcháin ó na meáin ar phreasoifig RSSSSP 028 90 522841
