Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

02 April 2007 - Tuaisceart na héireann saor ón tobac an mhí seo

Inniu, agus an Bhreatain Bheag ag imeacht saor ar an tobac, cuireann Príomhoifigeach Sláinte Thuaisceart na hÉireann, an Dr Michael McBride, i gcuimhne dúinn nach fada uainn reachtaíocht na háite seo.

Rachaidh Tuaisceart na hÉireann saor ar an chaitheamh ar 30 Aibreán 2007, agus sin á fheidhmiú ó 6.00rn. Is é is ciall dó nach gceadófar feasta caitheamh i mbunús áiteanna poiblí iata nó iata den chuid is mó, beáir agus bialanna san áireamh.

Arsa an Dr Michael McBride, “Níl fágtha anois ach 28 lá go raibh Tuaisceart na hÉireann saor ar an tobac. Am corraitheach do shláinte an phobail é fud na n-oileán seo. Timpeallacht saor ar an tobac atá cheana féin i bPoblacht na hÉireann agus in Albain, agus an Bhreatain Bheag inniu ag clárú sa chlub. Ní fada go mbainfimid tairbhe as na buntáistí céanna ó 30 Aibreán, Sasana sna sála orainn i mí Iúil.

“Ní haon chomhtharlú é go bhfuilimid uile ag déanamh na mbeart céanna le sláinte daoine a chosaint. Sábháilfidh an reachtaíocht seo beo daoine. Is mór a laghdós sí ár nochtadh d’éifeacht nimhiúil an chaithimh athláimhe. Is léir ón taithí in áiteanna eile gur tharla de bharr na reachtaíochta, feabhsú mór i gcáilíocht an aeir i gcuid mhór áiteanna iata. Méadaíodh fosta rátaí scoir ón chaitheamh.

“Is léir go luath i dTuaisceart na hÉireann go bhfuil líon i bhfad níos mó daoine ag iarraidh stad. Má fuair daoine an spreagadh breise sin a theastaigh ón reachtaíocht, nach maith an rud é?

“Is é a chreidim, déanta na fírinne, go leanfaidh na héifeachtaí seo sna glúine romhainn. Is é fírinne an scéil nach mbeidh páistí faoi ionsaí íomhánna daoine ag caitheamh timpeall orthu go poiblí, agus dá bharr sin, gur lú an fonn a bheas orthu féin géilleadh don nós.”

Lean an Dr McBride: “Andochrach ar fad atá caitheamh tobac dúinn féin agus don mhuintir thart timpeall orainn. Is eol gurb é an chúis aonair is mó tinnis a thiocfadh a chosc agus báis anabaí i dTuaisceart na hÉireann é, agus leoga, sa Bhreatain Bheag. Tréaslaím le gach duine sa Breatain Bheag a chuaigh saor ar chaitheamh tobac, agus guím rath ar dóigh orthu le feidhmiú éasca na reachtaíochta.”

Nótaí d’Eagarthóirí

  1. Thig tuilleadh eolais ar reachtaíocht Saor Ó Thobac na Breataine Bige a fháil ar www.smokingbanwales.co.uk nó scairt ar 02920 898890
  2. Thig tuilleadh eolais ar reachtaíocht Saor Ó Thobac Thuaisceart na hÉireann a fháil ar www.spacetobreathe.org.uk
    Dírítear fiosrúcháin ó na meáin ar 07699 715440.

no data

Department of Health, Social Services and Public Safety News