Agus é ag tréaslú an éachta iontaigh seo le foireann na seirbhíse sláinte, dúirt an tAire go gcaithfidh siad anois dlús a chur lena n-iarrachtaí lena chinntiú go gcuirfear i gcrích fosta spriocanna na bliana seo chugainn.
Is é a dúirt an tAire: “Céim ollmhór chun tosaigh é a bhfuil bainte amach ag an fhoireann seachas cás na bliana anuraidh nuair a bhí na mílte othar ag fanacht suas le 12 mhí ar mháinliacht agus go minic, dornán blianta leis an chéad choinne othar seachtrach. Is iad na hAirí a leagann amach na spriocanna agus a sholáthraíonn na hacmhainní breise, ach is éacht ag an fhoireann tosaigh é seo. Bíodh siad maíteach as a gcruashaothar a thugann seirbhís sláinte den chéad scoth do na hothair.
“Ba mhór an dúshlán iad an dá sprioc am feithimh a shocraigh mé i mbliana. Ábhar iontais go deo é gur sroicheadh iad. Tuairim is ar 175,000 obráid a rinneadh anuraidh agus scrúdaíodh beagnach leathmhilliún othar úr I ranna othar seachtrach. An t-am seo anuraidh beagnach 74,000 othar a bhí ag fanacht breis agus sé mhí ar an chéad choinne othar seachtrach – ní hann anois don liosta sin.
“Bliain ó shin, bhí suas le 6,500 othar ag fanacht os cionn sé mhí le máinliacht – d’imigh an liosta sin fosta.”
D’admhaigh an tAire gur nocht cur chuige fuinniúil a roinne roinnt earráidí áitiúla riaracháin a d’fhág líon beag (33) othar taobh amuigh den limistéar ama. I gcás amháin a cuireadh moill ar obráid agus scrúdófar gach duine taobh istigh de choicís.
Réimse arthruithe le bainistiú na liostaí feithimh a fheabhsú ba chúis le sroicheadh na spriocanna am feithimh. Dúirt an tAire:
“Ar na hathruithe a chuidigh le hiontaobhais a spriocanna a shroicheadh bhí feabhsú úsáid obrádlann, cinntiú go bhfeicfí othair in ord ama agus comhroinnt liostaí feithimh idir comhairligh.
“Thug muid isteach fosta Seirbhísí Comhtháite Measúnaithe Chliniciúil agus Chóireála (SCMCC) chun cuidiú le leasú liostai othar seachtrach. Trí SCMCC, thig le hiontaobhais a chinntiú nach bhfeicfidh comhairligh ach na hothair atá ina ngá, agus go bhfeicfidh daoine eile an gairmí sláinte oiriúnach.
“Thug muid isteach fosta faireachán láidir agus smachtbhannaí as droch-chur i gcrích.
“Is mór an méid a baineadh amach ach ní ham chun bogáis é. Is iomaí cruasprioc eile a chaithfear a shroicheadh ach tá mé i ndóchas go n-oibreoidh an tseirbhís sláinte leis na spriocanna seo a shroicheadh agus lena chinntiú go mbíonn seirbhís sláinte Thuaisceart na hÉireann ar fheabhas an tsaoil.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Dírítear fiosrúcháin ó na meáin ar Clare Baxter, Preasoifig RSSSSP ar 02890 520571 nó 07919 400248
