Tá sé mar aidhm ag Lá Domhanda Sláinte – arna eagrú gach bliain ag Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - feasacht a ardú i dtaca leis na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le sláinte dhomhanda. Slándáil na sláinte idirnáisiúnta is ea téama na bliana seo.
Léiríonn an téama go mbaineann saincheisteanna sláinte le daoine i ngach tír ar an ábhar go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan atá ag éirí i bhfad níos domhandaithe; is féidir leis na saincheisteanna sin dul i bhfeidhm ar shlándáil na ndaoine ina n-iomláine ar fud na cruinne. Tagraíonn sé do na galair sin a mbaineann eipidéimí leo agus bristeacha amach ar nós phaindéim fliú, mar aon leis an dóigh a bhfuil SEIF/VEID ag leathadh ar bhonn leanúnach agus géarchéimeanna daonnúla.
Agus é ag caint ar Lá Domhanda Sláinte, dúirt an Dr. McBride, “Tá na galair a mbaineann epidéimí leo agus bristeacha amach ar nós phaindéim fliú ina bhagairt mhór don tsláinte phoiblí. Tá an Roinn ag pleanáil i gcomhair paindéime le fada an lá. Clúdaíonn ár bpleananna teagmhasacha an earnáil sláinte ina hiomláine agus Ranna eile rialtais mar aon le gníomhaíochtaí transa na RA agus Phoblacht na hÉireann. Tá cuid mhaith ullmhúcháin déanta faoin ama seo.
“Is iad príomhaidhmeanna an phlean ná: líon na ndaoine galraithe a laghdú, beathaí a shábháil, seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag obair agus a chinntiú nach gcuirfear isteach ar ghnáthshaol na ndaoine sa phobal. Ní hé an rialtas an t-aon eagraíocht a bhfuil pleanáil le déanamh aige; caithfear gnólachtaí a chinntiú go bhfuil pleananna acu a chinnteos go leanfaidh siad ar aghaidh.”
Lean an Dr. McBride ar aghaidh agus dúirt, “Níl sé soiléir cá huair a tharlóidh paindéim fliú ná cé chomh holc agus a bheidh sí ach trí phleanáil a dhéanamh do gach rud a d’fhéadfadh tarlú, sula dtarlóidh sé, beidh seans níos fearr againn nach mbeidh sí chomh holc sin. Fiú amháin le pleanáil mhaith agus ullmhúchán maith, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann i gcás phaindéim fliú.”
Agus é ag caint faoi théama Lá Domhanda Sláinte .i. leathadh leanúnach SEIF/VEID, thapaigh an Dr. McBride an deis le béim a chur ar shaincheist na sláinte gnéis i dTuaisceart Éireann i gcoitinne.
Dúirt an Dr. McBride, “Bhí méadú beagnach 100% in ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha le deich mbliana anuas. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ardleibhéal baoil ann do shláinte daoine aonaracha agus do shlándáil ár sláinte ina n-iomláine. Caithfidh daoine atá gníomhach go gnéasach céimeanna a ghlacadh chun leibhéal an bhaoil a mhaolú. Tá an tsláinte chomh tábhachtach sin nach féidir le daoine dul sa seans ar chor ar bith.
“Tá cultúr dearfach de dhíth orainn i dTuaisceart Éireann i dtaca le sláinte ghnéis de. Ceann de na tosaíochtaí a bheas agam sa bhliain atá ag teacht ná a chinntiú go smaoineoidh daoine níos mó faoina n-iompraíocht ghnéis.”
Eagraítear Lá Domhanda Sláinte ar bhonn bliantúil chun suntas a thabhairt do bhunú Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is féidir níos mó eolais a fháil ar Lá Domhanda Sláinte ar láithreán gréasáin Lá Domhanda Sláinte ag www.who.int/world-health-day/2007 .
Nótaí d’Eagarthóirí
Mábhíonn fiosrúcháin ag na meáin chumarsáide, cuirtear scairt ar 07699 715440.
