Bhuail sé le hothair agus leis an bhfoireann le linn na cuairte le súil a chaitheamh é féin ar an gcúram a fhaigheann daoine a bhfuil tinneas marfach ag dul dóibh san ionad. Thug an tUasal McGimpsey turas freisin ar an síneadh £3 mhilliún a cuireadh leis an ospís le déanaí.
Mhol an tUasal McGimpsey díograis na foirne agus na n-oibrithe deonacha maidir le leas na n-othar. Dúirt sé: “Is tráthúil go bhfuilim ar cuairt anseo inniu ag tús sheachtain oibrithe deonacha Marie Curie. Cé go bhfuil Ionad Marie Curie faoi chomaoin ag na hoibrithe deonacha as a gcuid oibre, is beag aitheantais a thugtar go poiblí dá gcuid iarrachtaí agus don obair thábhachtach a dhéanann siad chomh dícheallach sin don phobal amuigh ansin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil go poiblí leis na hoibrithe deonacha ar fad a thug a gcuid ama chomh flaithiúil anseo ag Ionad Marie Curie, agus sa phobal, chun ról an-luachmhar a chur ar fáil ó thaobh tacú le daoine a bhfuil tinneas orthu a chuireann teorainn lena saol.
“Tríd an obair sin coinníonn siad an caighdeán saoil is fearr is féidir a bheith ag daoine le hailse, ag cur tacaíocht luachmhar ar fáil d'othair agus a gcuid teaghlach."
Ag trácht ar an síneadh nua ar an ospís, dúirt an tAire: “Táim cinnte go ndéanfaidh na saoráidí nua difríocht i ndáiríre d'eispéireas othair Marie Curie agus a dteaghlach a thugann cuairt orthu.
“Tá na seomraí nua i bhfad níos mó agus mar sin beidh leaba lae breise ar fáil do mhuintir na n-othar sin a bheidh ag iarraidh fanacht thar oíche in éineacht lena ndaoine muinteartha.
“Mar gheall ar na saoráidí folcadáin en suite nua freisin beidh an saol i bhfad níos éasca ag othair. Cuirfidh an limistéar gairdín atá leagtha amach i lár an choimpléisc go mór leis an tréimhse a bheidh ag othair ag an Ionad."
Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Cúraim Ailse Marie Curie Meave Hully: ”Cuirimid fáilte mhór roimh an Aire McGimpsey anseo inniu.
“Is deis iontach a bhí ann don charthanacht míniú a thabhairt ar obair na hospíse agus ar obair na n-altraí a bhíonn amuigh sa phobal.
“Táimid ag iarraidh obair go dlúth leis an Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí chun an cúram atáthar a chur ar fáil d'othair atá i mbaol a mbáis a fheabhsú."
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ:
- Soláthraíonn Cúram Ailse Marie Curie i dTuaisceart Éireann cúram d'othair atá i mbaol a mbáis agus dá dteaghlach ag an ospís ar Bhóthar Kensington, in Oirthear Bhéal Feirste. Soláthraítear seirbhísí d'othair chónaitheacha, seirbhísí teiripe lae agus altranas baile. Tá beagnach 200 altra ar fud an chúige ag tabhairt aire d'othair atá i mbaol a mbáis san áit ar mian leo féin a bheith. Faigheann an obair maoiniú ón rialtas agus ó fhlaithiúlacht mhuintir na háite; soláthraítear na seirbhísí saor in aisce do na hothair agus dá dteaghlach.
- Bhunaigh Marie Curie The Living Rooms Appeal chun na £3 mhilliún a theastaíonn don tionscadal sínidh a bhailiú.
- I measc an tsínidh ag Ionad Marie Curie tá 17 seomra níos mó a thógáil (16 seomra singile agus seomra amháin dhá leaba i gcás ócáidí ina dteastaíonn comhchúram ón teaghlach céanna) le saoráidí leithris en suite agus saoráidí folcadáin i ngach seomra. Cuirfidh an spás a bheidh ar fáil go mór leis an tréimhse a chaithfidh an t-othar ag an Ionad.
- Déantar fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide le Preas Oifig na RSSSSP ag 028 9052 0074.
