Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

04 June 2007 - Caithfidh guth láidir a bheith ag teaghlaigh I gcónaí I gcosc féinmharaithe - McGimpsey

Chuir an tAire Sláinte, Michael McGimpsey, a thiomantas d’fhorfheidhmiú iomlán éifeachtach Straitéis Choisc Féinmharaithe Thuaisceart Éireann in iúl.

Bhí sé ag caint i ndiaidh cruinnithe le hionadaithe ó Fhoras Forfheidhmithe na Straitéise Coisc Féinmharaithe agus ó Fhóram na dTeaghlach.

Arsa an tUas McGimpsey: “Is tragóid mhillteanach an féinmharú a ghoilleann ar bharraíocht daoine sa tsochaí. Tá rún daingean agam an aird agus an tiomantas is airí uirthi a thabhairt don Straitéis Choisc Féinmharaithe. Tá beathaí le sábháil.

“D’imir teaghlaigh na marbhánach ról fíorluachmhar i bhforfheidhmiú na Straitéise go dtí seo agus molaim a neart agus a dtiomantas i gcur chun cinn an chláir seo. Caithfidh guth láidir a bheith i gcónaí acu. Thig linn oiread sin a fhoghlaim óna n-eispéireas.”

Lean an tAire: “Tugann an fhianaise le tuiscint gur toisc pháirteach san iomad féinmharú drochshláinte mheabhrach. D’fhógair mé cheana féin go gcaithfidh ardtosaíocht a bheith ag sláinte mheabhrach, agus go mbeidh. Caithfimid leanstan de chuardach bealaí nua, nuálacha le teagmháil a dhéanamh le daoine a bhfuil ghéarghá acu le cuidiú.”

I ndiaidh an chruinnithe leis an Aire, arsa Ann McGarrigle, Cathaoirleach Fhóram na dTeaghlach: “Fáiltíonn Fóram na dTeaghlach go hiomlán roimh an ghealltanas tiomantais a rinne Michael McGimpsey. Is ríthábhachtach go gcuirfear an Straitéis i bhfeidhm go hiomlán agus go héifeachtach, go háirithe agus líon na bhféinmharuithe ag méadú. Caithfimid dearcadh ar bhunchúis na faidhbe. Tá tacaíocht de dhíth ar pháistí agus ar dhaoine óga go háirithe – ar scoil, sa bhaile agus lena gcairde.

“Beidh Fóram na dTeaghlach ag teacht i gceann a chéile gan mhoill lenár smaointe ar an bhealach chun tosaigh amach anseo i dtaca le cosc féinmharaithe i dTuaisceart Éireann de a mhúnlú, agus táimid ag dréim le hoibriú leis an Aire McGimpsey ar cheist ríthábhachtach chosaint na beatha.”

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

  1. Go dtí ar na mallaibh bhí amuigh is istigh ar 150 féinmharú i dTuaisceart Éireann gach bliain, agus níos mó ná 40% díobh ina bhfir óga faoi 35 bliain d’aois. Le blianta beaga anuas tháinig méadú suntasach ar líon na bhféinmharuithe, agus taifeadadh 291 féinmharú i 2006.
  2. Sa tréimhse chúig mbliana 2000/01 go 2004/05, mhéadaigh líon na n-iontrálacha in otharlanna de bharr féindochair le 2.7% ó 4,583 go 4,705.
  3. Seoladh Straitéis Choisc Féinmharaithe Thuaisceart Éireann, “Cosain an Bheatha – Fís Rannta” ar 30 Deireadh Fómhair 2006, i ndiaidh phróiseas leathan comhairliúcháin agus teagmhála.
  4. Leithdhaileadh £3mhilliún i mbliana d’fhorfheidhmiú an Straitéis Choisc Féinmharaithe.
  5. I ndiaidh fhorbairt dréachtStraitéis Choisc Féinmharaithe Thuaisceart Éireann, inar imir teaghlaigh na marbhánach ról tábhachtach, bunaíodh Fóram Teaghlach i Mí Lúnasa 2006 lena chinntiú go mbeadh guth sárláidir i gcónai ag teaghlaigh na marbhánach i bhforfheidhmiú na Straitéise.
  6. Gach fiosrúchan ó na meáin chumarsáide, le do thoil, chuig Jenny Magill, Oifig Eolais RSSSSP ar 02890 520575.

Department of Health, Social Services and Public Safety News