Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

05 June 2007 - Deir McGimpsey go gcaithfidh cur chuige comhnasctha a bheith ann do dhúshláin cónai faoin tuath

Dúirt an tAire Sláinte, Michael McGimpsey, go n-éilíonn sláinte agus leas mhuintir na tuaithe comhfhreagairt ón Rialtas.

Ag labhairt dó ar mholadh sa Tionól a d’éiligh go mbunófaí tascfhórsa ar shláinte mhuintir na tuaithe, arsa an tAire:

“Tá tionchar ag an iomad toisc ar shláinte dhaoine – tosca mar thithíocht, fhostaíocht, oideachas agus chaighdeán an chomhshaoil. Leis an fhírinne a dhéanamh, is saincheist leathan an tsláinte a bhaineann le gach roinn rialtais.

“Tá sé ráite agam gur feabhsú sláinte agus leas phobal iomlán Thuaisceart Éireann an tosaíocht atá agam, ar neamhchead don áit a gcónaíonn siad.”

Lean an tAire: “Aithním go bhfuil riachtanais agus deacrachtaí ar leith sláinte ag an iomad duine a chónaíonn sa tuath. Tá fíorimní orthu, go háirithe i nDeisceart agus in Iarthar an Chúige, agus creidim go gcaithfear na ceisteanna seo a phlé ar bhealach aibí, tomhaiste.”

Thug an tAire breac-chuntas ar chuid den obair atá á gabháil de láimh le tabhairt faoi riachtanais sláinte dhaoine atá ina gcónaí faoin tuath, agus athbhreithniú ar leigheas tuaithe faoi cheannas an Phríomhdhochtúra Oifigiúil san áireamh. Tá an t-athbhreithniú seo ag iniúchadh cad é mar is feidir seirbhísí míochaine a sholáthar d’othair chónaitheacha in otharlanna áitiúla agus tuaithe. Dearcfaidh sé fosta ar cad é mar is féidir seirbhísí cúraim phríomhúil agus phobail a fheabhsú, ag díriú ar riachtanais pobal tuaithe.

Ag tabhairt cur síos mionsonraithe ar chuid de na tionscnaimh atá ar siúl cheana féin dó, arsa Michael McGimpsey: “Tá cuid mhór rudaí dearfacha ag titim amach cheana féin a théann i bhfeidhm ar shláinte agus leas dhaoine atá ina gcónaí faoin tuath.

“Tá infheistíocht shuntasach á cur i seirbhísí otharlainne. Cuirfidh an Straitéis ‘Ag Forbairt Seirbhísí Níos Fearr’ ar chumas fhormhór mór an phobail seirbhísí cúraim éigeandála agus seirbhísí máithreachais faoi cheannas lia chomhairligh a bhaint amach taobh istigh de 45 bomaite. Ciallóidh sé chomh maith go mbeidh teacht ag gach duine ar na seirbhísí sin taobh istigh d’uair an chloig.

“Cinnteoidh straitéis 20 bliain na Roinne do shláinte agus chúram sóisialta, ‘Todhchaí Níos Folláine’ go mbeidh ról tosaigh ag seirbhísí cúraim phríomhúil agus phobail. Díreoidh seo, rud is tábhachtach, chan é amháin ar leathnú an réimse seirbhísí atá ar fáil cóngarach don áit a gcónaíonn daoine, ach ar sheirbhísí a dhéanamh níos insroichte chomh maith i dtaca le rudaí mar sheirbhísí taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre de.

“Tá gach ceann de na cúig hiontaobhas cúraim shláinte agus shóisialta agus Iontaobhas na n-Otharcharr ag oibriú i gcomhpháirtíochtaí áitiúla le líonraí tuaithe le réimse thionscnaimh fheabhsaithe sláinte a thabhairt chun cinn. Ina measc siúd, tá taighde le tionchar scoiteachta tuaithe ar bhochtaineacht agus mhíbhuntáiste a iniúchadh, agus cothú iompair thiomnaithe le teacht ar sheirbhísí a chumasú.

“Tá athbhreithniú ar an ‘Straitéis Infheistíochta sa tSláinte’, a aithnítear mar eiseamláir rathúil le sláinte phoiblí a fheabhsú, á ghabháil de láimh agus béim ar leith ar na tionchair shláinte a bhaineann le cónaí faoin tuath.

“Tá obair thábhachtach á déanamh fosta ag gníomhaireachtaí trasteorann mar ‘An Comhoibriú agus Oibriú le Chéile’ atá ag iniúchadh deiseanna le tabhairt faoi na fadhbanna ar leith cúraim shláinte atá ag daoine atá ina gcónaí feadh na teorann.”

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

  1. Is aidhm don straitéis sláinte poiblí ‘Infheistíocht sa tSláinte’ sláinte agus leas an phobail uile a fheabhsú agus neamhionannais sláinte a laghdú. Déanfar athbhreithniú ar an straitéis an bhliain seo chugainn go bhfeicfear an bhfuil sí oiriúnach don fheidhm ar fad agus go n-aimseofar na gníomhartha eile a chaithfear a dhéanamh le sláinte an phobail a fheabhsú ar neamhchead do cé acu atá siad ina gcónaí faoin tuath nó i suíomh uirbeach.
  2. An Straitéis ‘Ag Forbairt Seirbhísí Níos Fearr’ – I Mí Feabhra 2003, d’fhógair an tAire Sláinte a bhí ann san am, Des Browne FP, an bealach chun tosaigh do sheirbhísí otharlainne i dTuaisceart Éireann. Cuirfear líonra naoi n-otharlanna géarmhíochaine, agus tacaíocht acu ó sheacht n-otharlanna áitiúla, in ionad na cumraíochta reatha – 15 otharlann ghéarmhíochaine.
  3. I Mí na Nollag 2005, thionscain an Príomhdhochtúir Oifigiúil athbhreithniú ar an dóigh is fearr ar féidir seirbhísí míochaine ginearálta a sholáthar do gach pobal tuaithe i dTuaisceart Éireann le cothromaíocht chuí a bhaint amach idir inrochtaineacht agus cleachtas sábháilte, ardchaighdeáin.

Fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide, le do thoil, chuig Preasoifig RSSSSP ar 028 9052 0571.


Department of Health, Social Services and Public Safety News