Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

05 June 2007 - McGimpsey leagtha ar amanna feithimh do theiripe urlabhra agus teanga a ghearradh

D’fhógair an tAire Sláinte, Michael McGimpsey, bearta a bheadh ina gcuidiú leis an t-am a chaitheann páistí ag fanacht ar mheasúnuithe agus theoripe urlabhra agus teanga a ghiorrú.

Ag labhairt dó le linn díospóireachta sa Tionól, d’fhógair an tAire sprioc nua dhúshlánach do liostaí feithimh le seirbhísí measúnaithe agus cóireála a fhail – 26 seachtain faoi Mhárta 2008 agus 13 seachtainí faoi Mhárta 2009. Dheimhnigh sé fosta £1milliún breise le teacht ar theiripe urlabhra agus teanga ar fud Thuaisceart Éireann a fheabhsú a thuilleadh.

Arsa Michael McGimpsey:

“Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar sheirbhísí, níl mé sásta leis an dóigh a bhfuil cúrsaí san am i láthair. Tá rún agam comhionannas teachta ar theiripe urlabhra agus teanga ar fud Thuaisceart Éireann a chinntiú.

“Caithfear gníomhú le hamanna feithimh a laghdú anois. Beidh an sprioc nua do liostaí feithimh agus an maoiniú breise, in éineacht le tionscnaimh leanúnacha eile, ina gcuidiú le tabhairt faoin cheist teachta ar sheirbhísí teiripe urlabhra agus teanga.”

Ag tabhairt aghaidhe ar an riachtanas le cur chuige trasRialtais, arsa McGimpsey:

“Cinntíonn an cumas le cumarsáid a dhéanamh go dtig le páistí agus le daoine óga páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí. Aithním, gan an cuidiú ceart, gur dóiche go mbraithfidh páistí, a bhfuil deacrachtaí urlabhra agus teanga acu, iarmhairtí suntasacha, fadtréimhseacha i dtaca le cúrsaí oideachais, geilleagracha, sóisialta agus sláinte de.

“Tá líon méadaitheach páistí agus daoine óga, a bhfuil deacrachtaí urlabhra, teanga agus cumarsáide acu, ag iarraidh cuidithe ó na hearnálacha sláinte agus oideachais i dTuaisceart Éireann.

“Bhí Roinn s’agamsa ag oibriú agus oibreoidh sí léi, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais, le seirbhísí a fheabhsú agus le tabhairt faoi aon neamhréireanna i dteiripe urlabhra agus teanga. Caithfear gach deis a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a n-acmhainn iomlán a bhaint amach agus a ndeiseanna sa tsaol a fheabhsú.”

Tugadh roinnt tionscnamh isteach, féacháil le riar don éileamh mhéadaitheach, agus na nithe seo a leanas san áireamh:

  • Bunú an Tascfhórsa Réigiúnach Urlabhra agus Teanga atá ag breithniú forbartha agus cothaithe dea-chleachtais atá ann i dTuaisceart Éireann, chomh maith le fiosrú fianaise dhea-chleachtas oibre i réigiúin eile sa RA. Tuairisceoidh an Tascfhórsa a chinneadh i Mí na Nollag 2007.
  • Dea-chleachtas mar an eiseamláir Cuspóirí Cúraim, atá i bhfeidhm in Iardheisceart an Chúige, a thabhairt isteach de réir a chéile ar fud Thuaisceart Éireann.
  • Maoiniú breise d’oiliúint tuilleadh Teiripithe Urlabhra agus Teanga.
  • Maoiniú breise £4mhilliún (An Ciste do Pháistí agus Dhaoine Óga) le naoi bhfoireann idirghabhála luaithe a cheapadh le bheith ag obair i scoileanna forleatnaithe agus i suímh eile luathbhlianta.

Ar deireadh arsa an tAire: “Ní féidir an tábhacht le hoibriú i gcomhpháirtíocht idir an Rialtas agus na hearnálacha reachtúil, deonach agus pobail a mheas faoina luach agus iad ag cuidiú le seirbhísí a phleanáil, a choimisiúnú agus a sholáthar ar bhealach chomhordaithe.

“Tá mé ag dréim le moltaí an Tascfhórsa a chluinstin. Tá mé tiomanta do sholáthar sheirbhís teiripe urlabhra agus teanga agus comhionannas rochtana ar fud Thuaisceart Éireann a fheabhsú.”

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

Fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide, le do thoil, chuig Preasoifig RSSSSP ar 028 90520571.


Department of Health, Social Services and Public Safety News