Bhí an tAire ag labhairt le linn cuairt ar sheastán an RSSSSP agus an Health Promotion Agency (HPA) ag Seó Balmoral, áit ar féidir le cuairteoirí comhairle a fháil ar an gcaoi is féidir le athruithe simplí sa stíl maireachtála tionchar dearfach a bheith acu ar do shláinte.
Le linn a chuairt dúirt an tUasal McGimpsey: “Tá sé soiléar ó thuairiscí a foilsiú le déanaí go bhfuil leibhéal murtaill ag fás i dTuaisceart Éireann. Tá iomarca meáchan nó murtall ar chailín as ceathrar, ar bhuachaill as cúigear agus ar níos mó ná leath an daonra fásta. Is údar imní é seo mar gheall gur féidir le bail tromchúiseach leighis cosúil le galar croí nó diaibéiteas a bheith mar thoradh air sa deireadh agus glúin lán de fhadhbanna dár bpáistí óga.
“Tá sé mar fhreagracht orainn ar fad déanamh cinnte go bhfuil ár sláinte pearsanta mar ardtosaíocht. Is féidir leas ollmhór a bheith ag athruithe beaga sa stíl maireachtála . Is é an freagra ná réim chothrom bia agus stíl maireachtála níos gníomhaí. Go minic cuireann sé as do dhaoine nuair a luaitear glasraí nó aclaíocht ach is í an tábhacht ná athruithe beaga, buana agus fadtéarmacha a dhéanamh. Siúil chuig na siopaí in áit an carr a thógáil, úsáid bainne leathbhearrtha in ionad bainne lánmhéathrais agus tabhair níos mó torthaí, glasraí agus gníomhaíocht choirp isteach i ngnáthchúrsaí an lae de réir a chéile.”
Mar chonclúid, dúirt an tAire: “Tuigim go gceapann daoine go bhfuil sé deacair an am a fháil chun slí maireachtála sláintiúil a bheith agat i saol tapaidh an lae inniu. Tá sláinte pearsanta róthábhachtach le fágáil ar an méar fada áfach. Is féidir le athruithe beaga sa chothú agus níos mó gníomhaíocht choirp ionchas saoil a fadú agus caighdeán maireachtála níos fearr a chothú.”
Beidh deis ag cuairteoirí chuig Seó Balmoral a Innéacs Mais Choirp a thomhais agus comhairle a fháil faoi na athruithe beaga is féidir a dhéanamh i gcóir stíl maireachtála níos sláintiúla.
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
- Tá grianghraf den Aire i láthair ag Seó Balmoral ach dul i dteangmháil le Preasoifig RSSSSP ag 028 9052 0575.
Dírítear fiosrúcháin ó na meáin chuig Jenny Magill ag Preasoifig RSSSSP ar 028 9052 0575 nó 07833 668748.
