“Níl mé faoi cheangal ag moladh ar bith a rinne aon riarachán roimhe seo.
“Éilíonn an dea-rialachas go gcaitear an ciste poiblí ar an bhealach is fearr is féidir. Mar sin caithfimid iarracht a dhéanamh i gcónaí feabhas a chur ar an obair a dhéanaimid. Is é a theastaíonn uaim na príomhsheirbhísí a fheabhsú agus ní iad a laghdú, agus is é an prionsabal seo a threoróidh mé in aon phróiseas nuachóirithe nó athchóirithe.
“Aithnítear go soiléir gur lú a chaitear ar sholáthar na seirbhísí sláinte i dTuaisceart Éireann i gcomórtas leis an Bhreatain Mhór. Caithfear an chóir chéanna a chur ar chách maidir leis seo.
“Caithfear plean ar bith le nuachóiriú a chur ar na seirbhísí sláinte a dhéanamh go ciallmhar, é a thabhairt os comhair an Fheidhmeannais agus a plé leis an Choiste Sláinte.”
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ:
Fiosrúcháin na meán cumarsáide chuig Preasoifig an DHSSPS ar 028 9052 0571.
