Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

25 May 2007 - Ba chór do mhná torracha alcó a sheachaint

Tá treoir sláinte nua do mhná torracha ag comhairliú do mhná torracha gan alcól a ól.

Molann an chomhairle, a eisíodh inniu don RA iomlán:

  • Ba chóir do mhná torracha agus mná atá ag déanamh iarrachta leanbh a ghiniúint alcól a sheachaint;
  • Má roghnaíonn siad ól, chun an baol don leanbh a íoslaghdú, níor chóir dóibh níos mó ná aonad amháin go dtí dhá aonad alcóil a ól, uair amháin nó dhá uair in aghaidh na seachtaine, agus níor chóir dóibh a bheith ar meisce.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Míochaine do Thuaisceart Éireann, Dr Michael McBride: "I dTuaisceart Éireann, 'sí an chomhairle a bhí againn i gcónaí do mhná torracha ná gur féidir le h-alcól damáiste a dhéanamh don leanbh gan bhreith, agus gur chóir é a sheachaint nó gearradh síos ar a laghad go cúpla deoch in aghaidh na seachtaine.

"Tugann an chomhairle seo, atá eisithe inniu trasna an RA, teachtaireacht shoiléir a chinntíonn nach ndéanfaidh duine ar bith meas faoina luach ar an mbaol don bhféatas atá ag forbairt, i dtaobh óil os cionn na leibhéil sábháilteachta inmholta.

“Ba chóir do lánúin atá ag déanamh iarrachta leanbh a ghiniúint a bheith airdeallach gur féidir le h-alcól a dtorthúlacht agus n-acmhainneacht ghiniúna a laghdú.

"Tá sé rí-thábhachtach go gcuirfimís mná torracha agus mná atá ag súil le leanbh a ghiniúint ar an airdeall, faoi chontúirtí féidearthacha an ró-thomhaltais alcóil, le linn toirchis. Roghnaíonn mórán mná cheana féin gan ól le linn toirchis. An chomhairle atá soiléir ná alcól a sheachaint ach má roghnaíonn tú ól a dhéanamh, cinntigh go bhfuil an baol do shláinte an linbh laghdaithe; gan ach aonad amháin nó dhá aonad alcóil a ól uair amháin nó dhá uair in aghaidh na seachtaine."

Tá an chomhairle seo aontaithe ag ceithre Phríomh-Oifigeach Míochaine trasna an RA.

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:

  1. Tá comhairle ar thomhaltas alcóil, contúirtí sláinte agus aonaid alcóil cuimsithe ar dhoiciméad an Ghníomhaireachta um Chothú Sláinte - ‘Fócas ar alcól. Treoir ar ól agus sláinte’ ag: http://www.healthpromotionagency.org.uk/Resources/alcohol/alcoholleaflet06.htm
  2. Fiosruithe na meán chuig RSSSSP ar 028 9052 0571 nó 07919 400248

Department of Health, Social Services and Public Safety News