Skip the Northern Ireland Government Bar|
Skip navigation

29 May 2007 - McGimpsey ag iarraidh gníomhaíochta maidir le moltaí faoi chúram pearsanta saor in aisce

Dúirt an tAire Sláinte, Michael McGimpsey, go bhfuil sé ag iarraidh stop a chur leis an brú atá ar dhaoine a dtithe cónaithe a dhíol chun íoc as cúram pearsanta nuair atá siad níos sine.

Ag labhairt dó i rithe díospóireachta Comhdhála ar Saor Chúram Pearsanta, dúirt an tAire ar oifigigh réamh-scrúdú a dhéanamh ar chostas agus ar impleachtaí roinnt roghanna, ina measc:

  • Príomh teach cónaithe an dhuine a chur as an áireamh in aon scrúdú airgeadais;
  • Méadú ar leibhéal na sócmhainní/coigiltis atá duine abálta a choinneáil;
  • Méadú ar Liúntaisí Chostaisí Pearsanta; agus
  • Tuairisc chun dáta den moladh a cuireadh faoi bhráid An Fheidhmiúcháin ar dtús i 2002.

Dúirt an tAire: “Tá éagóir inár sochaí a fheictear iachall curthar ar na baill is laige inár sochaí a dteach muinteartha a thabhairt suas chun íoc as tithe altranais. Tá muid ag iarraidh ar na daoine seo an sócmhainn is luachmhaire agus ar a d'oibrigh siad go crua - a mbaile - a chailliúint chun codán dá gcúram a íoc.

“Tá Saor Chúram Pearsanta ina fhorógra ag mo pháirtí. Is ábhar é a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála i 2001 as a d'eascair tuairisc a mheas go gcosnódh sé £40 milliún é a chur i bhfeidhm.. Tá aithbhreithniú suas chun dáta ar thuairisc 2002 iarrta agam a dhéanamh staidéar ar thaithí na hAlban agus na Breataine Bige agus a léireoidh costas aon rogha eile."

Baineann cúram pearsanta le tascanna ar nós ag ithe, ag fáil gléasta, ag níochán agus ag tógáil folcadh, ag fáil isteach agus amach as an leaba agus ag fanacht sábháilte. I nDeireadh Fómhair 2002, thug na hiontaobhais sláinte isteach íocaíocht de £100 chun costas an chúram altranais, i dteach cónaithe an duine nó san dteach altranais, a chlúdú.

Dúirt an tUasal McGimpsey : “Teastóidh reachtaíocht agus comhairleoireacht phoiblí chun Saor Chúram Pearsanta a chur i bhfeidhm agus d'fhéadfadh sé seo dhá bhliain a thógáil. Tá roghanna eile ann a d'fhéadfaí a thabhairt isteach an-sciopthaí chun tabhairt faoi mhí-chothromaíochtaí an chórais reathúil, ina measc ceadú do dhaoine a dteach muinteartha a choinneáil má tá cúram cónaithe ag teastáil uathu. D'iarr mé ar oifigigh é seo a mheas láithreach.

“Sí ár aidhm go príomhaidh ná cabhrú le daoine neamhspleáchas a choinneáil agus fanacht sa mbaile leis an gcúram agus tacaíocht ceart. Áit nach féidir é seo a dhéanamh, níor chóir go gcuirfí píonós orthu mar go raibh an mí-ádh orthu go raibh droch sláinte nó mí-chumais acu. I sochaí sibhialta ní sé seo ceart agus tá sé ar intinn agam rud éigin a dhéanamh faoi.”

NÓTA DONA HEAGARTHÓIRÍ:

  1. I 2001rialaigh an Comhdháil roimhe seo go gcuirfí moltaí An Choimisiúin Ríoga um Cúram Fad-Téarmach do dhaoine Aosta - Saor Chúram Pearsanta ina measc - i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.
  2. Chuir an Grúpa tuairisc faoina mbráid i mí Iúl 2003, ag meas go mbeadh costas an tSaor Chúraim Pearsanta idir £40M - £60M. D'iarr an Feidhmiúcháin orthu a thuilleadh oibre a dhéanamh air, ach cuireadh ar fionraí é sula raibh an Grúpa abálta a dtuairisc eile a chur faoina mbráid.
  3. Tugadh isteach rial nua in Aibreán 2002, áit nach gcuirfí luach teach cónaithe an duine san áireamh don chéad 12 seachtain agus iad san teach altranais. Ceadaíodh an tréimhse seo chun cabhrú le daoine theacht chucu féin chun go mbeadh siad in ann an méid neamhspleáchas is mó a bhaint amach agus is féidir sula mbeadh orthu cinneadh mór a dhéanamh faoina dtodhchaí agus a dteach cónaithe a dhíol.
  4. I nDeireadh Fómhair 2002, tugadh isteach íocaíochtg do chúram altranais. Ciallaíonn sé seo go n-íocann Iontaobhais HSC £100 sa tseachtain do lucht cónaithe na dtithe altranais atá freagrach as costas iomlán a gcúram sláinte. Tá na híocaíochtaí seo ag áirithint go bhfuil an cúram altranais sna dtithe altranais seo saor anois, mar atá sé i gcásanna cúraim eile. I dTuaisceart Éireann tá an ráta do chúram altranais £35 sa tseachtain níos airde ná an méid a íoctar in Albain.
  5. Ó 2002, tháinig árdú - i leith córas Shasana ó £13,000 (íochtar) go £21,500 (uachtar) -ar na teorainneacha ar an méid coigiltis nó sócmhainní a tógadh san áireamh agus meastachán á dhéanamh ar cé mhéad a cheart do dhuine a íoc i dtreo costas a gcúram, agus dhá bhrí sin, cé mhéad tacaíocht airgid a bhí ag dul dóibh.
  6. Chiallódh Saor Chúram Pearsanta go mbeadh ar Iontaobhais Cúram Sláinte agus Sóisialta íocaíocht a dhéanamh chun costas an chúraim pearsanta a chlúdach. I leith moltaí tuairisc an Choimisiúin Ríoga ar Cúram Fad Téarmach do dhaoine Aosta, ní chiallódh sé go mbeadh chuile sheirbhís i dtithe altranais saor, mar go mbeadh siad ag súil go mbeadh daoine ag déanamh ranníocaíochtaí airgid i dtreo costais maireachtála agus lóistín.

Chun teagmháil a dhéanamh leis na meáin glaoigh ar Preas Oifig an DHSSPS ar 028 9052 0571 nó 07919 400248.


no data

Department of Health, Social Services and Public Safety News