Tá fianaise léirithe ag seirbhísí scoir den tobac na cógaslainne pobail sa cheithre mhí roimh Aibreán 2007 - leag 4,500 caiteoir tobac síos dáta scoir set a quit date, níos mó ná cúig uaire níos mó ná an tréimhse céanna an bhliain seo caite.
Dúirt an tAire “Mí amháin ar aghaidh ó tionscnaíodh í, is cosúil go bhfuil an reachtaíocht chaithimh tobac tar éis uchtach a thabhairt do mhórán caiteoir tobac éirí as le cógaslanna ag tuairisciú go bhfuil cúig uaire níos mó daoine ná an bhliain seo caite ag teacht chun cinn ag lorg cabhrach. Seo uimhir churiarrachta do Thuaisceart Éireann.
“Cé gurb é cuspóir na reachtaíochta ná cosaint a thabhairt don phobal ó éifeachtaí díobhálacha an deataigh fulangaigh, is cosúil go bhfuil spreagadh tugtha aici do chaiteoirí tobac deireadh a chur leis an nós.
“Tuigim gur próiseas deacair atá ann éirí as an tobac agus cé go bhfuil sé léirithe ag suirbhéanna anuas tríd na mblianta gur mhaith le thart ar 70% de chaiteoirí tobac éirí as, bíonn sé deacair ag mórán. Tá sé tábhachtach dá réir go mbeadh seirbhísí scoir den tobac ar fáil do chaiteoirí tobac ina gcuid iarrachtaí éirí as"
Lean An tUasal McGimpsey: “Tá seirbhísí scoir den tobac á soláthar ag os cionn 300 cógaslann pobail. Tá sár-jab á dhéanamh acu.”
Déanann seirbhís na cógaslainne clár 12 seachtaine a thairiscint de thacaíocht agus comhairle le Teiripe Athsholáthair Nicitín ar fáil dóibh siúd nach n-íocann dá n-oidis.
Chríochnaigh an tAire “Tá scor den tobac ar an gcéim aonair is mó gur féidir le duine ar bith a thógáil chun a gcuid sláinte féin agus folláine na ndaoine mórthimpeall orthu a fheabhsú. Tá mé ríméadach dá réir go bhfuil 4,500 caiteoir tobac tiomanta do scor den tobac le cógaslanna pobail.”
Is féidir le caiteoirí tobac, a bhfuil breis eolais de dhíth orthu faoi sheirbhís scoir den tobac na cógaslainne pobail áitiúil nó seirbhísí eile agus comhairle ar scor den tobac, teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach na gCaiteoirí Tobac i dTuaisceart Éireann ar 0800 858585.
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ:
1. Déanann Boird Sláinte agus Seirbhís Sóisialta (SSS) seirbhísí scoir den tobac a choimisiúnú ó sholáthraithe speisialaithe, a chuimsíonn lialanna DG agus cógaslanna pobail.
2. Tá sé tuairiscthe ag Boird SSS go bhfuil beagnach 300 cógaslann pobail trasna an réigiúin ag soláthar seibhíse scoir den tobac i gcomparáid le 71 an bhliain seo caite agus go bhfuil dáta scoir leagtha síos ag os cionn 4,500 caiteoir tobac leo idir mhí na Nollag 2006 agus mí Márta 2007, níos mó ná cúig uaire ná an bhliain roimhe.
3. Tá thart ar £8 milliún curtha ar fáil ag an Roinn ó 1999 chun forbairt an mhórfheachtais faisnéise poiblí a éascú agus réimse seirbhísí scoir den tobac a sholáthar mórthimpeall Tuaisceart Éireann. I measc na dtionscnamh eile, bhí bunú seirbhíse líne chabhrach tiomanta do chaiteoirí tobac, in Eanáir 2003, agus foilsiú an Chreatlaí Oiliúna, in Aibreán 2003, a leagann amach caighdeáin do sheirbhísí scoir den tobac trasna an BSSS.
4. Cuireadh £480,000 ar fáil do Bhoird i 2006/07 agus do 2007/08 chun rochtain ar TAN a fheabhsú trí sheibhísí scoir den tobac atá cógaslann-bhunaithe, tar éis a fógraíodh go raibh rialuithe cuimsitheacha le tabhairt isteach in áiteanna poiblí agus ionaid oibre i dTuaisceart Éireann in Aibreán 2007.
5. Tá fianaise léirithe go bhfuil líon mór cliant le rátaí scoir ceithre seachtaine ag seirbhísí scoir den tobac atá cógaslann-bhunaithe ná mar atá ag mórán soláthraithe seirbhíse eile.
6. Chomh maith le sainchomhairle agus comhairleoireacht a fháil, rinneadh formhór na gcaiteoirí tobac a sholáthar le táirge TAN oiriúnach chun cuidiú leo an nós a bhriseadh agus rinneadh 18,000 mír de TAN a sholáthar sa chéad ceithre mhí den tseirbhís go mí Aibreán 2007.
7. Is féidir le caiteoir tobac ar bith atá spreagtha chun éirí as a bheith rannpháirteach sa tseirbhís agus comhairle sheachtainiúil saor in aisce a aimsiú agus tacaíocht iompraíochta ó chógaiseoir atá oilte go speisialta. Má mholtar TAN, níl aon táille i gceist dóibh siúd atá díolúnaithe go hiondúil ó tháillí cógais nó dóibh siúd a bhfuil teastas réamhíocaíochta acu. Gearrtar táille chógais ar gach duine eile.
8. Rinneadh feachtas poiblíochta a sheoladh ar an 1ú Nollaig sna cógaslanna rannpháirteacha go léir a dhíríonn ar an gcaiteoir tobac atá ag smaoineamh faoi éirí as. Fiafraíonn na póstaeir agus na bileoga ‘An bhfuil tú réidh le héirí as?’ agus treoraíonn siad do chaiteoirí tobac eolas a lorg faoin tseirbhís atá ar fáil sa chógaslann.
9. Aimsíonn caiteoirí tobac, a íocann dá n-oidis i láthair na huaire, comhairle saor in aisce agus íocann siad táille chógais do gach seachtain TAN a sholathraítear nó is féidir leo teastas réamhíocaíochta ceithre mhí a cheannach do £34.65.
10. Beidh na seirbhísí ar fad atá cógaslann-bhunaithe cláraithe le ‘Líne Chabhrach na gCaiteoirí Tobac TÉ ‘0800 85 85 85’. Seo é an chéad pointe teagmhála do mhórán caiteoir tobac atá ag lorg cabhrach chun scor den tobac toisc go gcoinníonn siad bunachar sonraí de gach seirbhís speisialaithe scoir den tobac sa réigiún, ag díriú caiteoirí tobac chun na seirbhíse is oiriúnaí dá riachtanais.
11. Déanann an RSSSSP monatóireacht ar Sheirbhísí Scoir den Tobac agus tá tuairiscí, a fhoilsítear gach ráithe nó go bliantúil, ar fáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.dhsspsni.gov.uk
12. Tá fianaise ar éifeachtacht an TAN i gcumasc le comhairle agus tacaíocht ar fáil ó THORAX 2000, ‘Incremental effects of smoking cessation interventions on abstinence for six months or greater’ at www.crestni.org.uk
13. Tá breis eolais ar Sheirbhís Speisialaithe Scoir den Tobac na Cógaslainne Réigiúnaí ar fáil ón gComhordaitheoir um Rialú Tobac sna Boird Sláinte.
Bord an Oirthir, Nicky McKee 028 9032 1313
Bord an Deiscirt, Siobhan O’Brien 028 3741 4624
Bord an Tuaiscirt, Pat Purvis 028 2531 1140
Bord an Iarthair, Mark McBride 028 7186 0086
14. D’fhiosruithe ó na meáin, déan teagmháil le do thoil le Jenny Magill nó Thomas Spence ag Preasoifig na RSSSSP ar 028 90520575. Tá grianghraif na himeachta ar fáil le híoslódáil ag www.dhsspsni.gov.uk/photogallery
