Ag labhairt tar éis cruinniú an Choiste Sláinte, dúirt an tAire go mbeidh níos mó smachta ag daoine ar a saol agus níos mó neamhspleáchas acu má athraítear an chaoi a idirghníomhaíonn siad leis an gcóras sláinte.
Dúirt sé: “Tá seirbhísí sláinte i dTuaisceart Éireann ag athrú. De réir mar atá daoine ag maireachtáil níos faide beidh éileamh ar sheirbhísí ag méadú go mór, ag cur brú ollmhór ar an gcóras. Tabharfaidh cur chun cinn isteach cóir leighis nua agus saindhrugaí a athróidh saol othair ó bhonn.
“Cén chaoi a rachaimid i ngleic leis na dúshláin seo? Faoi láthair téann 80% de chaiteachas ar chúram sláinte do dhaoine a bhfuil galair fadtéarmach orthu cosúil le diaibéiteas. Úsáideann na hothair seo níos mó ná 60% de laethanta leaba ospidéil. De bharr ardú sa leibhéal murtaill agus níos mó ragús óil tá fadhbanna suntasacha sláinte ag daoine fásta agus páistí agus cuirfidh sé seo tuilleadh brú ar sheirbhísí sláinte.
“Cabhróidh sé má spreagtar daoine a stíl mhaireachtála a athrú agus freagracht a ghlacadh ar son a sláinte féin ach beidh deich mbliana de athrú iompar ag teastáil sula bhfeicfear athrú suntasach. Caithfear daoine a aithint, tacú leo agus cóir leighis a chur orthu níos luaithe agus déanamh cinnte go bhfuil pleananna cúraim a chomhlíonann a riachtanais ag daoine a dteastaíonn cúram fadtéarmach uathu. Tá mé ag iarraidh daoine a chumhachtú sa chaoi go mbeidh an cúram agus an tacaíocht a theastaíonn uathu maireachtáil go sábháilte agus go neamhspleách ina dteach féin chomh fada agus is féidir.
“Tá iomarca daoine fós ag críochnú suas san ospidéal gan gá ach go minic ní féidir iad a scaoileadh amach mar gheall nach bhfuil na cúraimí pobal-bhunaithe ann. Trí déanamh cinnte go bhfuil ár seirbhísí sláinte nasctha, agus go bhfuil altraí, dochtúirí agus seirbhísí pobail ag oibriú le chéile, is féidir linn an tacaíocht agus an cúram a theastaíonn a sholáthar.”
Ag díriú ar sheirbhisí ospidéil, dúirt an tAire go gcaithfimid a bheith in ann dul i ngleic leis an éileamh ar sheirbhísí líne tosaigh atá ag ardú de shíor. Lean sé ar aghaidh:
“Tá ardú sa méid atá othair ag súil leis ó sheirbhísí sláinte agus tá siad i dteideal an cúram agus an cóir leighis is fearr a fháil. Caithfidh saindhrugaí a bheith ar fáil d'ár othair. Caithfidh a ndóthain daoine oilte le taithí a bheith againn chun na seirbhisí seo a chur ar fáil.
“Tá dul chun cinn iontach déanta ag laghdú na liostaí feithimh ach tá mise ag iarraidh titim níos mó fós a fheiceáil. Freisin tá mé ag iarraidh a fheiceáil:
- Laghdú i líon na mbásanna a bhfuil baint acu leis an gcroí
- Cóir leighis a chur ar othair stróc in aonaid sainchúram agus tacaíocht ar fáil taobh istigh de trí uair tar éis an stróc
- Feabhsúcháin leanúnach i rátaí marthanais cúig bliana d'othair ailse, agus
- Stáisiúin scagdhealú breise d'othair duáin.”
Caithfear an straitéis chun Féinmharú a Chosc a chur i bhfeidhm go tapaidh chomh maith leis an atheagrú ar shláinte meabhrach chun go mbeidh fáil ag daoine ar sheirbhísí tacaíochta shainiúla ina pobal féin, dúirt an tAire:
“Beidh fadhbanna le sláinte mheabhrach ag duine as gach ceathrar sa daonra ag am éigean dá saol. Tá iomarca daoine ag cur lámh in mbás féin. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil seirbhisí in áit chun cabhrú leo. Teastaíonn traenáil níos fearr ó dhochtúirí ginearálta, níos mó freagairt ghéarchéime agus foirne cóiriúil baile agus caithfimid fáil ar theiripe a fheabhsú.
“Freisin caithfear seirbhisí míchumas foghlama a leasú sa chaoi nach gcaitheann daoine tréimhsí fada san ospidéal. Caithfear leanúint leis an obair ag forbairt seirbhisí sa phobal le cinntiú go bhfuil na háiseanna cearta in áit, ag tabhairt an cúram sainiúil a theasaíonn ón oiread sin daoine le míchumas foghlama.”
Faoi láthair tá na deiseanna do pháistí atá ag fágáil cúram cónaitheach go dona i gcomparáid dóibh siúd atá ina gcónaí i dteaghlach. Lean an tAire ar aghaidh ag rá: “Caithfear an straitéis Care Matters a chur i bhfeidhm ina iomláine. Táim ag iarraidh laghdú 20% sa líon páistí faoi chúram a fheiceáil agus dhá oiread lucht fágtha cúraim a bheith san oideachas nó ag traenáil ag aois 19.
“Chun seirbhís sláinte den scoth a chur ar fáil tagann na hothair i dtosach agus caithfidh ár bhfoireann seirbhísí sláinte a bheith oilte, traenáilte agus spreagtha. Tá go leor fós le déanamh chun ár seirbhís sláinte a fheabhsú ach ná déanaimis dearmad ar an méid atá curtha i gcrích de bharr na hoibre crua agus iarrachtaí ár bhfoireann.”
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Dírítear fiosrúcháin ó na meáin ar Phreasoifig RSSSSP ag 028 9052 0571 nó 07788108658
