Seolann Hargey scéim dhuaise a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn

Date published: 25 November 2021

Sheol an tAire Pobal Deirdre Hargey an scéim nua dhuaise ghnó GRADAIM inniu.

Latest News
Latest News

Is scéim uile-oileáin í GRADAIM a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn i ngnó agus a thugann aitheantas d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Faigheann eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid gnó nó a chuireann seirbhísí ar fáil dá gcustaiméirí trí mheán na Gaeilge duaiseanna.

Dúirt an tAire Hargey:

“Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí i gcur chun cinn na Gaeilge agus spreagfaidh an scéim seo iad chun é sin a dhéanamh. Cuireann úsáid na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó deis ar fáil don phobal gnó agus don phobal i gcoitinne. Ar fud an tuaiscirt, faigheann breis agus 7,000 páiste a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, méadú 60% thar na deich mbliana 2011-21. Seo iad ár gcuid custaiméirí amach anseo.”

Notes to editors: 

  1. Fiosrúcháin ó na meáin ar r-​phost chuig Preasoifig na RP: press.office@communities-ni.gov.uk.
  2. Tá seirbhís taobh amuigh de ghnáthuaireanta i bhfeidhm ag Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais d’fhiosrúcháin ó na meáin amháin idir 18:00 agus 08:00 Luan go hAoine, ag an deireadh seachtaine, agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Phreasoifigeach Dualgais ar 028 9037 8110.
  3. Lean muid ar Twitter @CommunitiesNI


 

Share this page

Back to top